Tuairisc ar Sárú Sonraí Pearsanta

I gcásanna áirithe, tá oibleagáid ar eagraíochtaí tuairisc a shárú leis an DPC.

Úsáid an fhoirm seo más mian leat teagmháil a dhéanamh linn thar ceann eagraíochta chun tuairisciú a dhéanamh faoi shárú ar shonraí pearsanta * a rinneadh (nó a cheapann tú a d'fhéadfadh tarlú) i d'eagraíocht faoi chúinsí inar dheimhnigh tú go gcuireann an sárú baol roimh na daoine aonair atá thíos leis.

Is féidir leat an fhoirm seo a úsáid chun tuairisc sáraithe, a cuireadh romhainn cheana, a nuashonrú. (Le do thoil, bíodh d’uimhir thagartha BN ar lámh agat agus tú á dhéanamh.)

Ceisteanna Tosaigh

An bhfuil fógra á thabhairt agat faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta?*

Ciallaíonn ‘sárú i ndáil le sonraí pearsanta’ sárú ar shlándáil a mbíonn scrios, caillteanas, athrú, nochtadh neamhúdaraithe nó rochtain chuig sonraí pearsanta trí thimpiste nó go neamhdhleathach mar thoradh air. Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún um Chosaint Sonraí faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta, féach ár dtreoir anseo, le do thoil

Nóta: Más seirbhís cumarsáide leictreonach nó soláthróir líonra atá ionat agus gur mian leat fógra a thabhairt faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta de réir I.R. 336 de 2011 amháin, cliceáil anseo, le do thoil. Sa chás fógra a bheith á thabhairt agat faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta de réir Airteagal 33 den GDPR nó alt 86 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, ba chóir duit leanúint ar aghaidh leis an fhoirm thíos chun fógra a thabhairt.

Déanfar tú a atreorú chuig Leathanach Teagmhála an DPC áit a mbeidh sé ar do chumas údar imní a ardú leis an DPC

Cineál an fhógra*

Déanfar tú a atreorú anois chun an fhoirm ghréasáin maidir leis an Eolas is Deireanaí i ndáil le Sárú

Sula gcomhlíonann tú an fhoirm seo:
Bí ar an eolas, le do thoil, nach mór an fhoirm ghréasáin faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a chomhlánú in aon seisiún amháin. Moltar duit dul i gcomhairle le treoir phraiticiúil an DPC maidir le fógraí faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta faoin GDPR, atá le fáil anseo, sula gcomhlánaíonn tú an fógra seo.
 
Ní mór fógraí faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta faoi Airteagal 33 den GDPR agus alt 86 den Acht um Chosaint Sonraí a thabhairt gan mhoill mhíchuí, sa chás é sin a bheith indéanta, tráth nach deireanaí ná 72 uair an chloig tar éis don eagraíocht a fháil amach faoin sárú i ndáil le sonraí pearsanta. Mura mbíonn an fhaisnéis go léir atá riachtanach agat maidir leis an sárú ag an bpointe seo, áfach, bá chóir duit fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta uasdátaithe a chur faoi bhráid ina soláthraítear aon fhaisnéis bhreise de réir mar is gá, gan mhoill mhíchuí.

Ar dócha go mbeidh riosca ó thaobh cearta agus saoirsí daoine aonair mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta*

Faoin GPDR, tá sé d’oibleagáid ar eagraíocht fógra a thabhairt don DPC i gcás sárú ar bith i ndáil le sonraí pearsanta atá tar éis tarlú, mura bhfuil sé ar a gcumas léiriú a thabhairt ‘nach dócha go mbeidh riosca ann, mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha’. Ciallaíonn sé seo gurb é an seasamh réamhshocraithe do rialaitheoirí nach mór fógra a thabhairt don DPC faoi gach sárú i ndáil le sonraí seachas sna cásanna a bhfuil measúnú déanta ag an rialaitheoir ar an sárú agus nach dóigh go mbeidh riosca i gceist do na hábhair sonraí, agus go bhfuil sé ar chumas an rialaitheora léiriú a thabhairt ar an gcúis atá aige/aici leis an gcinneadh sin a dhéanamh. I gcás ar bith, ó thaobh gach sárú – fiú na cinn sin nach gcuirtear in iúl don DPC, ar an mbonn go meastar nach dóigh go mbeidh riosca mar thoradh orthu – ní mór do rialaitheoirí taifead a dhéanamh de mhionsonraí an tsáraithe ar a laghad, an measúnú a bhaineann leis, a thionchar, agus na céimeanna atá glactha mar fhreagra, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 33(5) den GDPR agus alt 86(6) den Acht um Chosaint Sonraí 2018. Le breis faisnéise a fháil, féach, le do thoil, an treoir atá ar fáil anseo
Má tá tú ag déanamh fógra faoi alt 86 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, roghnaigh '' thíos chomh maith, le do thoil

Ní gá duit an sárú seo ar shonraí pearsanta a chur in iúl don DPC. Mar sin féin, ní mór duit an sárú seo a dhoiciméadú, ag cuimsiú na fíricí maidir leis an sárú, na héifeachtaí a fhágann sé, agus an obair fheabhais a rinneadh, mar a éilítear ag Airteagal 33(5) den GDPR

An mbaineann an fógra seo faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha cosc, imscrúdú, brath, nó ionchúiseamh cionta coiriúla nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, laistigh de bhrí alt 70 den Acht um Chosaint Sonraí 2018?*

D’Údarás Maoirseachta

An bhfuil fógra á thabhairt agat maidir le sárú a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta trasteorann?*

Ní gá duit an sárú seo ar shonraí pearsanta a chur in iúl don DPC. Mar sin féin, ní mór duit an sárú seo a dhoiciméadú, ag cuimsiú na fíricí maidir leis an sárú, na héifeachtaí a fhágann sé, agus an obair fheabhais a rinneadh, mar a éilítear ag Airteagal 33(5) den GDPR

Deimhnigh, le do thoil, má tá ionadaí ainmnithe i scríbhinn san AE ag an eagraíocht atá ag déanamh an fhógra seo de réir Airteagal 27 den GDPR*

Tabhair ar aird freisin, le do thoil, sa chás go mbíonn ábhair sonraí i stáit AE/LEE eile faoi thionchar ag an eachtra seo, d’fhéadfadh sé go n-éileofaí ort fógra a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta cosanta sonraí sna stáit ina bhfuil na hábhair sonraí sin lonnaithe. Féach mionsonraí teagmhála na n-údarás sin anseo.

Tá fógra á thabhairt agat faoi shárú a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta trasteorann. Cé acu den dá rogha seo a leanas atá i gceist?*

Léirigh, le do thoil, na mBallstát AE ina bhfuil tionchar mór nó ar dócha go mbeidh tionchar mór aige ar dhaoine aonair.*

Léirigh, le do thoil, an bealach ina bhfuil tionchar mór nó ar dócha go mbeidh tionchar mór ag an sárú i ndáil le sonraí pearsanta ar dhaoine aonair i stáit AE/LEE eile*

An bhfuil fógra á thabhairt agat maidir le sárú trasteorann, an bhfuil an Coimisiún um Chosaint Sonraí inniúil chun déileáil le d’fhógra?

*

Maidir Leat: Mionsonraí an rialaitheora sonraí

Cén earnáil ina bhfuil d’eagraíocht ag feidhmiú inti? *

Le sainmhíniú a fháil ar na hearnálacha tionscail, féach, anseo (leathanach 325+ le haghaidh rangúchán).

Maidir Leat: Sonraí an phróiseálaí sonraí

Mionsonraí maidir leis an eagraíocht próiseála (más ann) atá bainteach go díreach leis an sárú seo

Maidir Leat: Pointe teagmhála

An tusa an DPO (Data Protection Officer)?*

Mionsonraí aitheantais an Oifigigh Cosanta Sonraí

Mionsonraí aitheantais an duine atá ag tabhairt an fhógra (murab é/í an DPO atá i gceist)

*

*

*

Táim ag déanamh teagmháil leis an DPC mar phróiseálaí ag a bhfuil comhaontú ó rialaitheoir sonraí chun sárú a thuairisciú thar a cheann/thar a ceann.*

Is mise an teagmhálaí aitheanta maidir leis an sárú seo i ndáil le sonraí pearsanta*

Mionsonraí maidir leis an sárú: Amlíne maidir leis an eachtra

An bhfuil an dáta ar tharlú an sárú ar dtús ar eolas agat?*

An bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh?*

Meastar go mbeidh rialaitheoir sonraí 'ar an eolas' faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta nuair atá cinnteacht réasúnta ann gur tharla eachtra shlándála a raibh cur as do shonraí pearsanta mar thoradh air. Tá sé de dhualgas ar rialaitheoirí sonraí na bearta cuí go léir a chur i bhfeidhm chun a fháil amach ar an bpointe boise cibé ar tharla sárú agus leis an údarás maoirseachta a chur ar an eolas go pras. Chun treoir bhreise a fháil, féach anseo, le do thoil

Cén bealach ar cuireadh an rialaitheoir sonraí ar an eolas maidir leis an sárú?*

Mionsonraí maidir leis an sárú: Cineál sáraithe

Sonraigh, le do thoil, an chúis leis an sárú*

Mionsonraí maidir leis an sárú: Maidir leis na sonraí a sáraíodh

Cineálacha sonraí a raibh tionchar ag an sárú orthu*

Catagóirí speisialta sonraí*

An raibh sonraí pearsanta a bhain le cionta coiriúla san áireamh sna sonraí a sáraíodh?*

Uimhir iarbhír nó neas-uimhir na dtaifead sonraí*

Mionsonraí maidir leis an sárú: Maidir leis na hábhair sonraí

Uimhir iarbhír nó neas-uimhir na n-ábhar sonraí a raibh tionchar ag an sárú orthu*

An raibh tionchar ag an sárú ar dhaoine aonair leochaileacha?*

D’fhéadfadh daoine aonair bheith leochaileach má chuireann cúinsí srian ar a gcumas toiliú a thabhairt go saor nó agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, nó na himpleachtaí a thuiscint. Luann Treoirlínte Airteagail 29 na samplaí seo a leanas d’ábhair sonraí leochaileacha: leanaí, daoine a bhfuil meabhairghalar orthu, lucht iarrtha tearmainn, daoine aosta, othair nó fostaithe (i gcúinsí áirithe) agus nuair atá neamhchothroime ann sa chaidreamh idir stádas an ábhair sonraí agus an rialaitheora.

Mionsonraí maidir leis an sárú: Iarmhairtí an tsáraithe

Gníomh a glacadh (Roimh/Tar éis)

Bearta teicniúla agus eagrúcháin a bhí i bhfeidhm roimh an sárú

Tabhair mionsonraí, le do thoil, sa chás é a bheith ábhartha, maidir le:

  • Bonneagar agus córas ICT atá cothrom le dáta, mar shampla trí bhonneagar criptiú sonraí den chineál is nua-aimseartha, cumraíocht seirbhísí bainistithe, feidhmiú an phaiste slándála is deireanaí agus seiceáil rialta an chórais.
  • Cúltacaí atá slán agus cothrom le dáta.
  • Teorainneacha bonneagair ICT atá éifeachtach, lena n-áirítear, scagadh/blocáil a dhéanamh ar dhroch-ghníomhaithe, bogearraí aimsithe ionraidh, bogearraí frithvíris agus slándáil láithreán gréasáin.
  • Bearta fíordheimhnithe agus rochtana, lena n-áirítear, beartais maidir le pasfhocal, údarú maidir le rochtain agus díluchtú cuntais nach bhfuil gá leo níos mó
  • Oiliúint agus feasacht foirne
  • Pleananna freagartha eachtra
  • Sceideal maidir le logaí a choinneáil
  • Fostú/iniúchadh soláthróirí tríú páirtí

*

Bearta mhaolaithe

*

An bhfuil na sonraí sáraithe sábháilte/faighte ar ais/athbhunaithe agat?*

*

Bearta teicniúla agus eagrúcháin a cuireadh i bhfeidhm tar éis an tsáraithe

Cumarsáid le hábhair sonraí

An bhfuil na hábhair sonraí lena mbaineann curtha ar an eolas agat maidir leis an eachtra?

Cén meán ar baineadh úsáid as chun an eachtra a chur in iúl do na hábhair sonraí lena mbaineann?*

*

Más mian leat faisnéis bhreise a sholáthar ar nós cóip faoi ainm bréige den chumarsáid a eisíodh ar na daoine lena mbaineann, greamaigh, le do thoil an doiciméad seo ag deireadh an fhoirm

*

Tabhair breach-chuntas, le do thoil, maidir leis an gcúis atá agat gan an eachtra a chur in iúl do na hábhair sonraí.*

Uaslódálaí doiciméid

Más mian leat aon fhaisnéis bhreise nó doiciméid thacaíochta a sholáthar, greamaigh do chuid doiciméad anseo. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur mian leat cóipeanna den mhéid seo a leanas a sholáthar: cóip faoi ainm bréige d’aon chumarsáid a eisíodh ar ábhair sonraí lena mbaineann ag cur an tsáraithe seo i ndáil le sonraí pearsanta in iúl dóibh, aon tuarascáil maidir le heachtra nó tuarascáil inmheánach a chuir d’eagraíocht ar fáil maidir leis an eachtra seo, taifid maidir le gníomhaíochtaí próiseála d’eagraíocht nó aon fhaisnéis bhreise ábhartha is mian leat a sholáthar i d’aighneacht. Is iad na hiarmhíreanna comhadainm a dtacaítear leo:.: .zip, .7z, .rar, .doc, .docx, .xls, .xlsx, .ppt, .pptx, .rtf, .txt, .pdf, .bmp, .webp, .jpeg, .jpg, .png, .gif
Níor chóir go mbeadh aon chomhadainm níos mó ná 2 MB

Dearbhuithe éigeantacha